A Chomhoibrithe uaisle,
Ag Equinix táimid go léir ag obair le chéilechun eagraíocht a chothú atá sonraithe trína macántacht, ionracas agus a hiompar atá eiticiúil gan teip. Tá ár ngnó difreáilte de bharr ár dtiomantas do na caighdeáin ghnó is airde agus d’iompar gairmiúil sa tslí chéanna agus atá sé de bharr ár gcuid teicneolaíochta. Is é ár ndíograis chun cuideachta bhuansheasmhach mhaith a chruthú agus is é ár ngealltanas é sin a bhaint amach le macántacht agus tiomantas diongbháilte do chleachtais ghnó eiticiúla.
Mar chuidreachta dhomhanda glacaimid le macántacht agus ionracas de bharr gur ceart é sin a dhéanamh, go bunúsach, mar lena chois sin, tá ciall ghnó mhaith in iompar eiticiúil. Tá ionracas agus luachanna eiticiúla i gcroílár ár ngnó agus is eol dár gcustaiméirí agus dár gcomhpháirtithe gur féidir leo muinín a chur inár gCuideachta agus sna táirgí agus seirbhísí a chuirimid ar fáil.
Léiríonn ár gCod Iompair Ghnó ár gcuid luachanna agus caighdeáin eiticiúla agus déanann sé doiciméadú orthu. Tugann sé an t-eolas, na hacmhainní agus na huirlisí dúinn atá riachtanach chun caighdeáin shoiléire bhuansheasmhacha dhomhanda a chur ar bun d’iompar gnó eiticiúil agus do ghéilliúlacht do dhlíthe. Táthar ag súil uainn go léir go bhfuil an Cód ar eolas againn agus go n-úsáifimid é chun sinn a threorú inár gcuid idirghníomhaíochtaí laethúla. Tá sé beartaithe mar chúnamh dúinn na roghanna cearta a dhéanamh nuair a thugaimid aghaidh ar chásanna eiticiúla a chuireann dúshlánfúinn.
Mar fhostaithe Equinix tá de cheart againn agus d’fhreagracht orainn go léir cultúr ár gCuideachta a chosaint ar iompar ar bith a chuireann ár gcuid luachanna i mbaol agus a dhéanann díobháil dár gclú. Is áit speisialta chun obair ann é Equinix toisc go bhfuilmid ag súil óna chéile ár gcuid luachannaa churi ngníomhinár saol. Má tá ceist agat nó má tá aon imní ort choíche go bhfuil ár gCódiompair á shárú, cuirin iúl é, le do thoil.Ba chóir duit labhairt le do bhainisteoir, le hOifigeach Comhlíontacháin Equinix, leis an bPríomh- Oifigeach Dlí nó leis an bPríomh-Oifigeach Acmhainní Daonna. Lena chois sin is féidir leat tuairisc gan ainma thabhairt ach ár bhfoirmeitice arlínenó ár seirbhís fón ilteangacha úsáid.
Anseo ag Equinix is cúis mórtais dúinn gur daoine sinn atá eiticiúil, gníomhach agus cumasaithe. Mar is iad ár ndaoine agus ár gcultúr a chuir Equinix san áit tosaigh ina bhfuil sé sa lá atá inniu ann agus is iad an bunús a chinnteoidh a bhfuil i ndán dúinn.
Charles Meyers
Príomhfheidhmeannach
Peter Van Camp
Cathaoirleach Feidhmiúcháin
Is é a dhéanaimid ná an eacnamaíocht dhigiteach a chosaint, a nascadh agus a chumhachtú.