Tá Equinix bunaithe ar luachanna corparáide agus cleachtais ghnó láidre agus is eol dúinn go mbraitheann ár rath amach anseo ar ár dtiomantas ár gcuid gnó a sheoladh go macánta, go hionraic, le gairmiúlacht agus le tiomantas do thorthaí den chéad scoth. Ciallaíonn sin mar luach na cuideachta:
I bhformhór na gcásanna is treoir dúinn ár luachanna agus macántacht phearsanta chun an cinneadh ceart a ghlacadh. Ach má tá ceisteanna againn maidir leis na bearta cearta a ghlacadh tá ár gCód Iompair Ghnó (ár “Cód”) againn chun treoir bhreise a thabhairt dúinn. Ba chóir dúinn cuimhneamh air nach féidir déileáil le gach cás inár gCód. Ina leithéid de chásanna ba chóir duit labhairt le do bhainisteoir nó leis an Oifig Chomhlíontacháin.
Baineann ár gCód le gach oifigeach, stiúrthóir agus fostaí in Equinix, fostaithe páirtaimseartha agus sealadacha san áireamh. Ba chóir ár gCód a chur ar fáil leis, do ghníomhairí, ionadaithe agus comhairleoirí a ghníomhaíonn thar ceann Equinix agus ba chóir dóibhsan cloí leis.
Táthar ag súil uainn go léir déanamh de réir litir agus spiorad an Chóid. Is ionannsin agus a rá go gcaithfidhtú ár mbeartais, ár ndlítheagus ár gcuid rialacháingoléira bhaineannledophosta thuiscint agus déanamh dá réir agus treoir a lorg má tá ceisteanna agat nó imní ort. Fostaithe a sháraíonn ár gCód cuireann siad iad féin, a gcomhfhostaithe agus ár gCuideachtai mbaol agus bíonn siad dlite i mbearta araíonachta suas go foirceannadh a bhfostaíochta agus sin san áireamh.
Tá freagracht ar leith ar fhostaithe adhéanann maoirseacht ar dhaoine eile, a bheithina n-eiseamláirí dóibh agus na caighdeáin iompair is airde a choinneáil. Má dhéanann tú maoirseacht ar dhaoine eile ba chóirduit timpeallacht a chur chun cinn ina dtuigeann na fostaithe a gcuid freagrachtaí agus ina bhfuil siad ar a suaimhneas maidir le ceisteanna agus imní a chur ar do shúile duit gan eaglago n-imreofaí díoltas orthu. Má ardaítear ceist ní mór duit gníomh a dhéanamh láithreachbonn.
Ní mór duit deimhin a dhéanamh de go dtuigeann gach fostaí faoi do mhaoirseacht an Cód agus na beartais, na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann lenár n-áit oibre. D’fhéadfadh go gcomhlánaíonn ár gCód beartais, nósanna imeachta agus cleachtais eile. Má fheiceann tú féin nó duine i d’fhoireann neamhréireacht nó coimhlint tarraing aird do bhainisteora agus na hOifige Comhlíontacháin air sin.