ÁR bPOBAL

Difríocht dhearfach a dhéanamh inár bpobail agus mórthimpeall an domhain

CEARTA AN DUINE

Tacaíonn Equinix le cosaint cearta uile an duine ar fud an domhain agus tá meas againn orthu. Geallaimid seasamh le cearta bunúsacha an duine i gcás ár bhfostaithe agus oibrithe na gcuideachtaí a bhfuil baint againn leo. Táimid ag súil go gcloíonn ár ndíoltóirí agus ár gcomhpháirtithe leis na hardchaighdeáin chéanna.

RANNÍOCAÍOCHTAÍ CARTHANÚLA

Ag tabhairt ar ais dár bpobail. Spreagann Equinix na fostaithe le rannchuidiú dearfach a dhéanamh sna pobail ina maireann agus ina n-oibríonn siad. Geallann Equinix go dtacóidh sé leis na saincheisteannaábhartha sóisialta, eacnamaíoch agus inbhuanachta is mó a bhaineann lenár ngnó, ár bhfostaithe agus lenár bpobail. Tá roinnt réimsí aitheanta ag Equinix chun díriú orthu le rannchuidiú carthanúil atá bunaithe ar an mbaint lenár ngnó agus a dtacóimid leo tríthabhartais ón gCuideachta. I bhfianaise na réimsí ar a ndírímid ní ghlacaimid le hiarratais ar mhaoiniú gan iarraidh. Ina ionad sin is fearr linn iarratais a lorg ar thairiscintí a chuireann lenár gclár straitéiseach agus ár dtosaíochtaí maoinithe. Tá an Fhoireann um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach freagrach as féachaint ar na hiarratais seo agus as iad amheas.

Spreagann Equinix fostaithe ar leith a ranníocaíochtaí féin a dhéanamhle heagraíochtaí carthanais. Ach ní aisíocfaidh Equinix ranníocaíochtaí ar leith nó pearsanta a rinne fostaithe lecarthanas, scoil, gníomhaireacht neamhbhrabúis nó eagraíocht neamhrialtasach ar chúinse ar bith. Lena chois sin ba chóir duit gan aon íocaíocht a dhéanamh le carthanas, scoil, gníomhaíocht neamhbhrabúis nó eagraíocht neamhrialtasach go pearsanta thar ceann Equinix – ticéid d’imeachtaí sanáireamh – toisc nach n-aisíocfaidh Equinix na costais seo. Ní mór faomhadh ón Rialtóir réigiúnach agus/nó ón bhfoireann um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach a fháil chuneisceacht ar bithar na treoirlínte seo a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár straitéis tabhartais féach ar an mBeartas Domhanda um Thabhartais nó déan teagmháil leis anbhfoireann um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach.

LÉITHEOIREACHT MHOLTA:
BEARTAS DOMHANDA UM THABHARTAISEQUINIX

Bronntanais Chomhoiriúnacha. Tá clár um bhronntanais chomhoiriúnacha bunaithe ag Equinix chun tacú le fostaithe ina gcuid daonchairdis, carthanachta agus iarrachtaí mar shaorálaithe. Má thugann tú rannchuidiú airgid nó má thugann tú de d’am d’eagraíocht incháilithe tabharfaidh Equinix méid “comhoiriúnach” an airgid nó an ama a thug tú trí rannchuidiú airgid a dhéanamh.

Tá faisnéis bhreise agus ceangaltais an Bheartais agus an Chláir um Thabhartais Chomhoiriúnacha lena n-áirítear ceangaltais ar leith d’fhostaithe maidir le hincháilitheacht ar fáil sa Chlár um Thabhartais Chomhoiriúnacha de chuid Equinix.

LÉITHEOIREACHT MHOLTA:
CLÁR EQUINIX UM THABHARTAIS CHOMHOIRIÚNACHA

GNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS RANNÍOCAÍOCHTAÍ POLAITIÚLA

Tacaímid le dea-chaidreamh leis na pobail ina n-oibrímid. Is féidir leat páirt a ghlacadhi ngníomhaíochtaí áitiúla lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal ina maireann tú agus ina n-oibríonn tú. Mar shaoránach príobháideach is féidir leat tacú leis an bpróiseas polaitiúil áitiúil freisin, le ranníocaíochtaí de do chuid féin nó trí obair dheonach a dhéanamh i do chuidama phearsanta. Ní cóir na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh in am Cuideachta nó acmhainní na Cuideachta a úsáid ina dtaobh. Níl cead agat ranníocaíochtaí polaitiúla a dhéanamh nó a ghealladh thar ceann Equinix.

Déan deimhin de go bhfuil do bhaint le gníomhaíochtaí polaitiúla ag teacht le dlíthe is infheidhme de chuid na S.A. agus na háite lena mbaineann agus nach bhfuil cosc orthu de réir beartais eile de chuid Equinix.

AN COMHSHAOL

Anseo ag Equinix tá iarracht á déanamh againn a bheith inár gcaomhnóirí maithe ar an gcomhshaol agus na hacmhainní a ídímid. Tá mar sprioc againn ár lorg carbóin a íoslaghdú. Tá sin á dhéanamh againntrí bheith ag díriú ar:

  • Dearadh, tógáil agus oibriú go héifeachtach d’fhonnídiúnan-acmhainnígoléira dhéanaimid a laghdú.Áirítearair seoleictreachas,uisce,gás nádúrtha, díosal agus cuisneáin
  • Ról gníomhach a ghlacadh i “nglasú” ár ngnó agus a bheith chun tosaigh maidir le réitigh nuálacha a mheas agus a chur i ngníomh
  • Sinn féin a thomhas trí úsáid a bhaint as barrchleachtais antionscail agus eochairtháscairí feidhmíochta sainiúla Equinix, as spriocanna a cuireadh go poiblí agus trí thuairisciú ar dhul chun cinn ar shlí thrédhearcach

LÉITHEOIREACHT MHOLTA:
INBHUANAITHEACHT EQUINIX