ÁR dTIOMANTAS DON DLÍ

Cleachtais ghnó dhlíthiúla a thuiscint agus cloí leo

Mar chuideachta eiticiúil macánta caithfimid cloí leis an dlí. Mar chuideachta dhomhanda, ní mór dúinn cloí le dlíthe i ngach áit ina bhfuil gnó á dhéanamh againn. Agus mar fhostaithe Equinix tá freagracht orainn na dlíthe agus rialacháin a théann i bhfeidhm ar ár bpoist a thuiscint agus cloí leo.

IOMAÍOCHT AGUS DÉILEÁIL CHOTHROM CHÓIR

Anseo ag Equinix tá meas againn ar ionad margaidh saor oscailte agus táimid ag iarraidh cuideachtaí eile atá in iomaíocht linn a shárfheidhmiú ar shlí chothrom mhacánta. Nílimid ag iarraidh lámh a leagan ar fhaisnéis dhílsithe cuideachtaí eile ná faisnéis rúnda cuideachtaí eile a fháil gan toiliú an úinéara, ná ní theastaíonn uainn iarraidh ar iarfostaithe nó fostaithe reatha cuideachtaí eile faisnéis dhílsithe cuideachta eile a roinnt linn.

Geallaimid go ndéileálfaimid go cothrom cóir le gach díoltóir dár gcuid, gan aird ar an áit ina bhfuil siad bunaithe ná an cineál táirgí nó seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Déanaimid fáil oscailte chothrom agus díoltóirí á roghnú againn ar bhonn iomaíoch, agus cuirimid caidreamh a théann chun tairbhe a chéile ar bun agus é bunaithe ar dhlúthchomhar agus cumarsáid oscailte.

PRÍOBHÁIDEACHAS SONRAÍ

Féadann dlíthe agus rialacháin um phríobháideachas a bheith casta agus ní mar an gcéanna iad i ngach tír. Anseo ag Equinix tá meas againn ar rúndacht faisnéis phearsanta ár bhfostaithe agus bímid ag saothrú chun príobháideachas na faisnéise a chosaint. Ní úsáidimid an fhaisnéis sin ach ar shlí réasúnta chuí chun críocha d’fhostaíochta le hEquinix. Táthar ag súil go gcloífidh tú le gach beartas na Cuideachta maidir leis an bhfaisnéis phearsanta seo a láimhseáil agus a choinneáil. Má tá aon cheisteanna agat faoi phríobháideachas sonraí ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifigeach Príobháideachais áitiúil.

Cuimhnigh:

Léirigh meas ar fhaisnéis dhílsithe a roinneann ár ndíoltóirí leat i gcónaí agus cosain í – agus cuir in iúl dóibh go bhfuilimid ag súil go bhfuil siad chomh cúramach céanna lenár gcuid faisnéise.

FRITH-BHREABAIREACHT AGUS FRITH-ÉILLITHEACHT

Anseo ag Equinix tá ár gcuid cleachtais ghnó bunaithe ar mhacántacht agus ionracas. Ní thairgimid aon bhreabanna ná sínte láimhe ná haon íocaíochtaí míchuí eile ar chúis ar bith ná ní chuirimid ar fáil iad.

Mar chuideachta dhomhanda ní mór dúinn cloí leis na dlíthe frith-bhreabaireachta agus frith-éillitheachta atá i bhfeidhm sna tíortha ina ndéanaimid gnó, an tAcht umChleachtais Éillitheacha Iasachta na S.A. agus antAcht Breabaireachta sa R.A. san áireamh.Cuireann na dlíthe seo cosc dian arbhreabaireacht, go háirithe nuair a bhíonn oifigigh an rialtais i gceist. Níl cead ag fostaí, oifigeach, gníomhaí ná conraitheoir neamhspleách ar bith de chuid Equinix atá ag feidhmiú thar ár gceann aon ní a bhfuil luach air a thairiscint ná a chur ar fáil d’fhonn gnó a dhaingniú nó buntáiste éagórach a bhaint amach. Mar thoradh ar sin a shárú d’fhéadfá dianphionóis a tharraingt ort féinagus ar Equinix agus díobháil adhéanamh dár gclú.

Tá na dlíthe sna S.A. a chuireann cosc ar bhreabaireacht fíor-leathan, mar sin d’fhéadfadh go meastar a lán saghsannabronntanais nó siamsaíochta a thugtar d’fhostaithe an rialtais a bheith míchuí. Ar an ábhar sin ní mór d’fhostaithe gan aon íocaíocht, socharná bronntanas airgid ná aon rud eile ar a bhfuil luach a thabhairt, a thairiscint nó a ghealladh d’oifigeach rialtais ná d’oifigeach poiblíach amháin i gcúinsí an-teoranta a shonraítearthíos. Tá feidhm ag an riail seo is cuma an tú féin atá ag tabhairt bronntanais nó sochair eile nóan trí thríú páirtí ar nós dáileora nóconraitheora neamhspleáigh a thugtaré.

Tá feidhm ag an riail seo is cuma an ag déanamh iarrachta chun gnó a dhaingniú nó buntáiste thar daoine nó cuideachtaí eile a fháil (cosúil le cóireáil speisialta fhabhrach nach dtairgtear do lucht iomaíochta) atá tú. Ní mór do gach bronntanas nó siamsaíocht a thairgtear d’oifigeach rialtais nó oifigeach poiblí na sainchritéir seo a chomhlíonadh:

  • Ní mór siamsaíocht ar bith a bheith réasúnta, bona fide agus caithfidh baint dhíreach a bheith aici le cur chun cinn, taispeáint nó míniú táirgí nó seirbhísí – nó caithfidh nasc a bheith aici le feidhmiú conartha idir Equinix agus an rialtas nó an aonánpoiblí
  • Ní mór do gach bronntanas agus siamsaíocht a bheith ag teacht le beartais Equinix, ár mbeartas Taistil agus Caiteachais san áireamh
  • Níor chóir bronntanas ná siamsaíocht a thairiscint riamh d’fhostaí an rialtais chun buntáiste gnó míchuí a dhaingniú

Ní mór duit a chinntiú go bhfuil bronntanas ar bith a thugann tú mar chuid de do phost trédhearcach, go dtaifeadtar go cuí é inár dtaifid chorparáideacha agus go bhfuil sé ceadaithe faoinár mbeartas.Agus bronntanas á thuairisciú agat ní mór duit cuspóir an bhronntanais agus an duine dár thug tú é a lua. Más d’oifigeach rialtais atá an bronntanas ba chóir duit faomhadh a fháil roimh ré ón Oifig Chomhlíontacháin.

Má tá aon cheist agat nó má tá treoir uait sa réimse seo, déan teagmháil le hOifigeach Comhlíontacháin Equinix. Má thugann tú aon sárú amhrasta nó fíorshárú an bheartais seo faoi deara tá d’fhreagracht ort é seo a thuairisciú láithreach bonn.

MAOIN INTLEACHTÚIL

Ar maoin intleachtúil áirítear cóipchearta, paitinní, marcanna trádála, rúin trádála agus maoin dholáimhsithe eile. Glacaimid bearta gníomhacha d’fhonn ár gcearta maoine intleachtúla féin a chosaint agus a chur i bhfeidhm agus ní mór dúinn bearta mar seo a ghlacadh chun maoin intleachtúil tríú páirtithe a chosaint. Agus ár maoin intleachtúil á roinnt againn le tríú páirtithe, ní mór dúinn a chinntiú go dtoilíonn siad ár maoin a úsáid agus a chosaint de réir ár gcuid beartas Equinix.

Tá mórán de na hábhair a úsáideann tú gach lá faoi chosaint ag dlíthe cóipchirte, bogearraí ríomhaire, leabhair, lámhleabhair, acmhainní fuaimeagusfíse,tréimhseacháinagusirisítrádála san áireamh. Ar shamplaí saothair eile atá faoi chóipcheart agus nach bhfuil chomh soiléir sin áirítear sleamhnáin láithreoireachta, ábhair oiliúna, múnlaí bainistíochta agus modheolaíochtaí um réiteach fadhbanna. Ní cóir aon cheartamaoine intleachtúla daoine nó cuideachtaí eile ashárú go feasach choíche. Cuireann Equinix cosc dian ar atáirgeadh, dáileadh nó athrú ábhair ar bith atá faoi chóipcheart gan cead ón úinéir nó ó ghníomhaí údaraithe a fháil. De bhreis air seo ba chóir duit a chinntiú nach gcóipeálann tú bogearraíríomhairefaoi cheadúnasnacuideachta riamh ná nach n-úsáideann tú chun úsáide pearsanta nó gnó go neamhdhleathachiad.

FAISNÉIS INMHEÁNACH AGUS TRÁDÁIL URRÚS

Ní cóir duit stoc de chuid Equinix a cheannach ná a dhíol má tá aon “fhaisnéis ábhartha” faoin gCuideachta agat nach bhfuil nochta go poiblí (rud dá nglaoitear “faisnéis inmheánach” leis). Chomh maith leis sin, má tá tú ar an eolas faoi fhaisnéis inmheánach abhaineann le cuideachtaí eile, ar nós custaiméirí nó dáileoirí, ní cóir duit urrúis na cuideachta seo a cheannach nó a dhíol. Má roinneann tú faisnéis inmheánach nó má thugann tú “leideanna” an duine atá ar an taobh istigh do thríú páirtí a dhéanann an fhaisnéis seo a thrádáil ansin, d’fhéadfá a bheith freagrach i dtrádáil neamhdhleathach. Lena chois sin d’fhéadfá a bheith freagrach i dtrádáil a rinne duine eile ar bhonn faisnéise faoi rún a roinn tusa le páirtí lasmuigh – baill den teaghlach agus cairde san áireamh. Má roinneann tú faisnéis inmheánach a spreagann ball teaghlaigh nó cara chun stoc de chuid Equinix a cheannach nó a dhíol d’fhéadfadh freagrach choiriúil a bheith ort mar “duine a thugann leideanna” faoi dhlíthe cónaidhme umurrúis.

Measann Equinix nach cuí dóibh siúd atá fostaithe ag Equinix nó a bhfuilbaint acu le hEquinix gabháil d’idirbheartaí gearrthéarmacha tuairimeacha in urrúis Equinix as a leanfaidh sáruithe faillíocha nandlíthe um thrádáil chos istigh. Dá réir sin tá trádáil a dhéanann tú in urrúis Equinix faoi réir na dtreoirlínte breise a ndéantar cur síos breise orthu i mBeartas Equinix um ThrádáilUrrús.

Chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na dlíthe i gcoinne trádáil inmheánach á gcomhlíonadh agat féach ar Bheartas Equinix um Thrádáil Urrús. Má tá aon cheist agat ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Chomhlíontacháin.

LÉITHEOIREACHT MHOLTA:
BEARTAS UM THRÁDÁIL URRÚS EQUINIX

Cuimhnigh:

Faisnéis faoi rún is ea faisnéis inmheánach a d’imreodh tionchar ar chinneadh infheisteora stoc de chuid Equinix a cheannach, a dhíol nó a choinneáil dá nochtfaí don bpobal í.