ÁR bhFREAGRACHT

Cuir ár gCód i ngníomh i do shaol agus labhair má tá ceist agat nó imní ort

TÁ DO GHUTH TÁBHACHTACH

Tá ár gclú mar chuideachta eiticiúil ag brath orainn a bheith ag obair le chéile d’fhonn a chinntiú go seasaimid lenár n-ardchaighdeáin eiticiúla. B’fhéidir go ndealraíonn an scéal uaireanta gurb fhusa gan focal a rá má thugann tú faoi deara go bhfuil duine éigin ag sárú ár gCóid, ach má dhéantar faic d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith air. Má labhraíonn tú amach nuair a thugann tú iompar neamhdhleathach nó iompar neamheiticiúil faoi deara is ag taispeáint gur tábhachtach leat go bhfuil áit oibre eiticiúil á chothú againn atá tú.

MAR SEO IS FÉIDIR LEAT LABHAIRT AMACH

Tá de cheart agat agus tá an fhreagracht ort ár gCuideachta a chosaint ar iompar a sháraíonn ár gCód. Má fheiceann tú sáruithe ar ár gCóid táimid ag brath ort go dtuairisceoidh tú na rudaí seo láithreach bonn. Agus tú ag labhairt amach, bí cinntego ndéileálfar le d’ábhar imní gan mhoill agus faoi rún.

Anseo ag Equinix tá roinnt slite oiriúnacha duit chun labhairt amach faoi cheisteanna agus imní atá ort, b’fhéidir. Orthu siúd áirítear iad seo a leanas:

BEARTAS CHUN SCEITHIRÍ A CHOSAINT

Creidimid gur ríthábhachtach an rud é timpeallacht a chruthú ina mothaíonn daoinegur féidir leo gnó ar bith a chuireann fíor-imní orthu a ardú gan eagla díoltais agus gur féidir muinín a bheith acu go nglactar leo i ndáiríre agus go ndéanann an Chuideachta gníomh dáréir.

Tá beartas neamhfhulaingthe ag Equinix i ndáil le díoltas a imirt ar fhostaí ar bith a dhéanann tuairisc le hintinn mhaith ar mhí-iompar ionchasach nó a chabhraíonn chun imscrúdú a dhéanamh. Ba mhaith linn suaimhneas aigne a bheith agat i dtaobh ceisteanna a chur agus ábhar imní a lua gan eagla díoltais a bheith ort. Ba mhaith linn tú a bheith cinnte go bhfuil an rud ceart déanta agat agus an gnó a bheith ardaithe agat.

TARSCAOILTÍ AN CHÓD IOMPAIR GHNÓ

Tá d’fhreagracht ar gach fostaí Equinix ár gCód a thuiscint agus cloí leis. Faoi réir an dlí is infheidhme, má sháraíonn tú na beartais agus nósanna imeachta inár gCód, d’fhéadfaí a bheith faoi réir ag bearta airíonacha, rud a bhféadfadh foirceannadh d’fhostaíochta a bheith ina measc. Más dóigh leat go sáraíonn do chuid gníomhartha ár gCód, b’fhéidir, ní mór duit an cheist a phlé le do bhainisteoir agus leis an Oifig Chomhlíontacháin.

Féadfaidh Equinix feidhmiú na mbeartas a leagtar amach inár gCód a tharscaoileadh, má thugann na cúinsí údar ceart leis, más ar mhaithe le hEquinix agus a chuid geallshealbhóirí atá a leithéid.

Cuimhnigh:

Tá ár gCód ar d’aip Mobile One de chuid Equinix agus tá teacht ar ár gcuid beartas ar fad ar Inlíon Equinix.

Ní mór tarscaoileadh beartas Equinix ar bith nó tarscaoileadh míre dár gCód a iarrann fostaí a bheith faofa ag bainisteoir an fhostaí agus ag an Oifigeach Comhlíontacháin. Féachfar ar iarratais ar tharscaoileadh ó fhostaithe agus deonófariad ar bhonn an cháis aonair.

Ní mór tarscaoiltí an Chóid do stiúrthóirí agus oifigigh fheidhmiúcháin a bheith faofa ag stiúrthóirí neamhleasmhara agus nochtfar iad mar is gá de réir an dlí nó an rialúcháin is infheidhme.

Is féidir iarratais ar tharscaoileadh ár gCóid a dhéanamh ar an inlíon ag:

www.equinix.ethicspoint.com

LÉITHEOIREACHT MHOLTA:
BEARTAS EQUINIX UM CHOSAINT SCÉITHIRÍ