Tá dualgas ar gach duine againn an rud atá ceart a dhéanamh ar mhaithe lehEquinix. Is ionann sin agus a rá gur cóir cásanna a sheachaint a chruthaíonn, nó a chruthaíonn de réir dealraimh fiú amháin, coimhlint idir an leas pearsanta agus leasa na Cuideachta. Is é is coimhlint leasa ann ná rud ar bith a chuireann isteach ar oibiachtúlacht nó ar éifeachtacht inár bhfeidhmíocht poist nó ar chinntí a ghlacaimid thar ceann Equinix. Tá trédhearcacht fíorriachtanach chun coimhlintí leasa asheachaint.
Ní féidir gach slí ina bhféadfadh coimhlint leasa teacht chun cinn a áireamh ach tá cásanna áirithe ar dóichí iad comhlint a tharraingt ná cásanna eile. Anseo thíos tugaimid cursíos ar shlite ina bhféadfá teagmháil le coimhlint leasa. Is tábhachtach an rud é a bheith in ann coimhlint leasa a d’fhéadfadh tarlú a aithint agus gníomh cuí a ghlacadh. Má tá aoncheist agat maidir le coimhlintí a d’fhéadfadh atharlú abhair le do bhainisteoir nó déan teagmháil leis an Oifig Chomhlíontacháin sula dtugann tú faoin ngníomhaíocht, é sin, nó a luaithe agusa thugann tú faoi deara go bhféadfadh coimhlint leasa a bheith ann.
D’fhéadfadh coimhlint leasa teacht as gnó a dhéanamh le cairde nó le baillden teaghlach. Níl sé i gceist le treoirlínteum choimhlint leasa cur isteach ar ár teaghlaigh nó ár saol pearsanta, ach tá roinnt bheag cásanna ina bhféadfadh gníomhartha dlúthchairde agus baill teaghlaigh a bheith ina ábhar imní. Mar shampla, má tá céile, gaol nó dlúthchara agata oibríonn do chuideachta a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí d’Equinix, ní mór duit a chinntiú nach mbaineann tú úsáid as do phost chun tionchar a imirt ar an bpróiseas tairisceana nó ar idirbheartaíochtaí eile. Má tá baint dhíreach agat le feidhmeanna ceannaigh, ba chóir duit do bhainisteoir a chur ar an eolas faoin chás agus fadhbanna a d’fhéadfadh a tharlú a phlé. Lena chois sin ba chóir duit a chur in iúl do do bhainisteoir má tá aon ghaolta nó dlúthchairde agat atá ag obair do chuideachtaí atá in iomaíocht linn.
Bí cúramach má tá obair á déanamh agat do chuideachtaí eile. D’fhéadfadh coimhlint abheith agat má tá tú ag obair mar stiúrthóir, oifigeach, comhairleoir nó mar fhostaí eagraíochta ar bith a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí d’Equinix, a cheannaíonn earraí nó seirbhísí ó Equinix, nó atá in iomaíocht le hEquinix. Níl cead agat obair a dhéanamh d’iomaitheoir i gcáil ar bith.
Ní gá go bhfuil coimhlint agat más ag cur túsle do ghnó páirtaimseartha féin nó ag glacadh le hobair bhreise pháirtaimseartha le heagraíocht ar an taobh amuigh nach bhfuil aon bhaint aici le hEquinix atá tú. Mar sin féin, is tábhachtach an rud é labhairt le do bhainisteoir chun a chinntiú nach bhfuil coimhlint ann agus nach gcuireann an dara jab isteach ar do chuid ama agus freagrachtaí in Equinix.
D’fhéadfadh coimhlint leasa a bheith ann má dhéantar infheistíocht i gcuideachtaí a oibríonn le hEquinix nó atá iniomaíocht linn. D’fhéadfadh coimhlint leasa a bheith ann má tá leas tairbheach airgeadais agat i gcustaiméir, soláthraí, forbróir nó iomaitheoir de chuid Equinix. Agus cinneadh ádhéanamh cé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh tú infheistíocht mar seo ba chóir duit do mhachnamh a dhéanamh ar mhéid agus nádúr na hinfheistíochta, do chumas tionchar a imirt ar chinntí a ghlacann Equinix nó an chuideachta eile, an rochtain atá agat ar fhaisnéis faoi rún faoi Equinix nó faoin gcuideachta eile, agus nádúr an chaidrimh idir Equinix agus anchuideachta eile.
Níl cead agat úsáid a bhaint as do phost in Equinix ar mhaithe le gnóthúpearsanta. Deiseanna ar bith a fhaigheann tú eolas orthu agus maoin nó faisnéis na Cuideachta áhúsáid agat, nó mar thoradh ar do phost, is le hEquinix iad. Níl cead agat faisnéis faoi rún nó faisnéis dhílsithe nó próisis a bhfuair tú eolasorthu mar thoradh ar do phost in Equinix aúsáid ar mhaithe le gnóthú pearsanta nó díobháil a dhéanamh d’Equinix léi, rud ar an-áirítear teagmhálacha comhairliúcháin le gairmithecistí fálaithe agus agus gairmithe infheistíochtaeile.
I mórán áiteanna agus cultúir is cuid tábhachtach de ghnó a dhéanamh é bronntanais a thabhairt agus a fháil agus fónann sé do chuspóirí gnó dlisteanacha. Ag Equinix creidimid gurb é an cuspóir atá le siamsaíocht gnó agus le bronntanais i suíomh trádála ná dea-mhéin agus caidrimh oibre fónta a bhunú, seachas buntáiste éagóir le custaiméirí nó le díoltóirí a bhaint amach. Níl cead ag fostaithe Equinix bronntanas ná siamsaíocht ar bith a thabhairt, a thairiscint nó a fháil – go díreach nó go neamhdhíreach – a d’fhéadfadh tionchar aimirt de réir dealraimh, ar chinneadh gnó nó tuairim neamhspleách a chur i gcontúirt. Táthar ag súil uainn go léir tuiscint mhaith agus measarthacht a úsáid agus bronntanais nó siamsaíocht á dtabhairt agus ábhfáil againn. Níor chóir duit bronntanas ná siamsaíochta thairiscint ná athabhairt riamh ach amháin:
Cad is “bronntanas” ann? Is é is bronntanas ann ná rud ar bith a bhfuil luach air. Áirítear air rudaí intadhaill ar nós airgid tirim agus ealaíne, chomhmaithlerudaídoláimhsithear nós lascainí, fabhair, iasachtaí agus buntáistí nach bhfuil ar fáil don bpobal i gcoitinne. Áirítear ar bhronntanais leis, béilí, siamsaíocht, turais agus ticéid chuig imeachtaí cultúrtha agus spóirt chomh maith le hearraí marsantachta eile nóseirbhísí.
I cultúir áirithe tugtar bronntanais in airgeadtirim i méideanna ainmniúla mar chuirtéis ghnónó ar laethanta saoire áitiúla. Ní mór aon chinntí faoi na cásanna seo a mheá go cúramach agus ní mór faomhadh i scríbhinn a fháil ó do bhainisteoir tar éis duit dul i gcomhairle leis an bPríomhoifigeach Dlí nó leis an Oifigeach Comhlíontacháin, sula leanann tú araghaidh.
Bronntanais agus Siamsaíocht athuairisciú. Is tábhachtach an rud é go dtuairiscítear caiteachas ar bhronntanais nó siamsaíocht ar shlí gur féidir cuspóir, méid agus faighteoir an bhronntanais nó na siamsaíochta a aithint.i. go bhfuil an beart trédhearcach do phearsanra airgeadais a d’fhéadfadh ár gcuid leabhar agus taifead a iniúchadh. Ba chóir gogcuirfí in iúl go cruinn i do thuairisc caiteachais cuspóir an chaiteachais agus céannachtaína ndaoine siúd a fhaigheann an bronntanas nó an siamsaíocht agus ba chóir dóibh achur in iúl cibé ar tugadh an bronntanas nó an tsiamsaíocht d’oifigeach na hearnála poiblí nó d’fhostaí ar bith de chuid aonán anrialtais.
Tá dlíthe i ngach tír den domhan nach mór, a chuireann cosc ar íocaíocht breabannad’oifigigh rialtais ar son bearta, seirbhísí nó buntáistí eile ón rialtas. Tacaímid le dlíthefrith-bhreabaireachta atá ceaptha chun cuideachtaí cosúil linn féin a chosaint atá ag iarraidh dul i mbun iomaíochta ar bhonncáilíocht ár dtáirgí agus seirbhísí, seachas ar bhonn fabhair a thugtar mar mhalairt ar bhreabanna. Déanaimid de réir na ndlíthe sin.
Le cois na ndlíthe atá i bhfeidhm sna tíortha féin, ós rud é go bhfuilimid bunaithe sna Stáit Aontaithe, tá de dhualgas ar gach fostaí, oifigeach agus stiúrthóir Equinix Acht na S.A. um Chleachtais Éilitheacha Iasachta a chomhlíonadh, acht a chuireann cosc dian ar íocaíocht breabanna le hoifigigh nó fostaithe de chuid aonán an rialtais áit ar bith ar domhan. De bhreis air seo cuireann na dlíthe seo teorainneacha dlí nach beag ar sholáthar bronntanais, siamsaíochta, taistil agus caiteachas spreagtha le hoifigigh an rialtais.
Féach an mhír Ár dTiomantas don Dlí chun tuilleadh eolais a fháil ar dhlíthe frith-bhreabaireachta agus éillitheachta a chomhlíonadh mar aon lenár gcuid rialacha maidir le bronntanais agus siamsaíocht d’oifigigh rialtais.
Geallann Equinix na huirlisí agus an t-eolas a chur ar fáil duit atá uait chun do jab a dhéanamh go héifeachtach agus go rathúil.Ar a shon sin tá muinín ag an gCuideachta asat go mbaineann tú úsáid as dea-bhreithiúnas chun na hacmhainní luachmhara seo de chuid na Cuideachta a chaomhnú agus iad a úsáid chun críocha gnó dlisteanaigh na Cuideachta amháin. Ár d’fhreagracht as maoin Equinix áirítear taifid agus faisnéis na Cuideachta, maoin intleachtúil ar nós ábhair faoi chóipcheart, agus sócmhainní leictreonacha agus fisiceacha.
Faisnéis faoi rún. Is rud ríthábhachtach dár rath é rúndacht agus sláine faisnéis Equinix a choinneáil. Is é is faisnéis faoi rún ann ná faisnéis a d’fhéadfá eolas a chur uirthi mar chuid de do chuid oibre, rud ar a n-áirítear gach a bhfuil ar eolas agat faoi Equinix, ár gcustaiméirí, ár ndíoltóirí agus tríú páirtithe eile, nach bhfuil ar fáil don phobal.
D’fhonn ár bhfaisnéis faoi rún a chosaint ba chóir dúinn gan na nithe seo a leanas a dhéanamh choíche:
Is sainmharcanna ár ratha í ár gcuid teicneolaíochta agus nuálaíochta. Tá freagracht ort ár rúin trádála agus ár bhfaisnéis dhílsithe a chosaint le linn duit a bheith ag obair d’Equinix agus fiú amháin tar éis duit an Chuideachta a fhágáil.
Taifid agus coinneáil taifead. Is iad ár gcuimhne Chorparáideach iad ár gcuid taifead. Soláthraíonn na taifid seo fianaise ar ghníomhartha agus cinntí. Tá faisnéis agus sonraí iontu atá ríthábhachtach do rath agus leanúnachas ár ngnó agus cuireann siad ar ár gcumas ár gcuid dualgais dlí agus rialala a chomhlíonadh. Is é atá sna taifid ná gach sort faisnéise a chruthaímid agus afhaighimid ina bhfuil faisnéis faoinár gCuideachta agus ár ngníomhartha gnó. Ar shamplaí de thaifid na Cuideachta áirítear doiciméid pháipéir, ríomhphoist agus comhaid leictreonacha ar diosca, ar théip agus i meán ar bith eile
Tá freagracht orainn a bheith macánta agus cruinn maidir lena bhfuil á thuairisciú agus á chur i dtaifid againn i ndoiciméid Equinix go léir, taifid chuntasaíochta, cártaí ama, taifid chaiteachais, taifid shábháilteachta, taifid ghnó srl. san áireamh. Má fheiceann tú mí-iomparnó má tá tú in amhras faoi, inár dtaifid airgeadais, cuir in iúl do do bhainisteoir í agus déan teagmháil leis an Oifig Chomhlíontacháin.
Is maoin de chuid Equinix gach taifead agus ba chóir í a bhainistiú de réir ár mBeartas Domhanda um Bhainistíocht Taifead d’fhonn a chinntiú go leanaimid uile an próiseas faofa céanna maidir le coinneáil, stóráilagus scriosadh ár dtaifead Cuideachta. Iarrannan fhoireann dlí ar fhostaithe ó ham go chéile taifid áirithe a choinneáil chun críocha sainchuspóirí dlí. Is rud tábhachtach é na treoracha seo a leanúint go cúramach d’fhonn fadhbanna leisan dlí a sheachaint.
Sócmhainní fisiceacha agus leictreonacha Mar fhostaí Equinix is iontaobhaithe atáimid le sócmhainní éagsúla fisiceacha – idirsholáthairtí oifige bunúsacha agus ríomhairí – agus tá freagracht orainn iad uile a chosaint. Áirítearair seo réamhchúram a ghlacadh i gcoinne goid, míchúraim agus cur amú gan ghá. Ciallaíonn sé leis, nach n-úsáidtear soláthairtí Equinix ach amháin chun críocha gnó dlisteanacha.
Lena chois sin cuireann Equinix acmhainní faisnéise agus teicneolaíochta ar fáil d’fhonn cabhrú linn ár gcuid jabanna a dhéanamh go héifeachtach. Ar na sócmhainní leictreonacha seo áirítear ríomhphost, líonraí, an tIdirlíon, ár n-inlíon inmheánach féin, gutháin phóca, gairis chumarsáide gan sreang eile, gutháin agus córais ghlórphoist. Is uirlisí na Cuideachta iad seo agus níor chóir úsáid a bhaint astu ach amháin ar shlí a spreagann tuairim dhearfach d’Equinix agus de gach duine atá ag obair anseo. Rud ar bith a sheoltar, a fhaightear, a íoslódáiltear nó a stóráiltear ar shócmhainní na Cuideachta, is le hEquinox é. Isionann sin agus a rá gur féidir le hEquinix féachaint ar do chuid taifid nó ar threalamh Equinixam ar bith de réir mar atá ceadaithe faoi dhlíthe príobháideachais is infheidhme.
Tá sé ríthábhachtach dár gclú faisnéis a thabhairt don bpobal atá iomlán, comhsheasmhach agus cruinn. Lena chois sin tá sé riachtanach chun dualgais rialála agus dlí a chomhlíonadh. Ná labhair thar ceann na Cuideachta ach amháin má tá údarú faighte agat chun é a dhéanamh. Ina ionad sin, cuir an scéal faoi bhráid fhoireann chumarsáide chorparáideach Equinix.
Freagracht maidir le húsáid na meán sóisialta. Glacann Equinix leis na meáin shóisialta mar uirlis chomhoibrithechumhachtach agus tá meas againn ar do cheart uirlisíar líne a úsáid i do chuid ama phearsanta ar do ríomhaire pearsanta. Má chuireann na meáin shóisialta isteach ar mar a chruthaíonn tú i do phost nó ar leasa gnó Equinix áfach, is cuma an i gcomhthéacs gnó nó comhthéacs pearsanta, déanfaidh beartas na Cuideachta cúram de. Ní mór dúinn úsáid a bhaint as uirlisí ar líne i gcónaí ar shlí atá ar aondul lenár mbeartas Cuideachta agus cuimhneamh go bhfuil de dhualgas orainn ár bhfaisnéis faoi rún agus faisnéis faoi rún na gcuideachtaí a ndéanaimid gnó leo, a chosaint. Ba chóir dúinn aire athabhairt leis, go gcloímid leis na dlíthe go léir um chóipcheart, marc trádála, úsáid chóir, nochtadhairgeadais agus le gach dlí eile.